Press Release 12.07.2017: Scannán Feirsteach ROCKY ROS MUC le heisiúint i Meiriceá

Tá scannán a stiúraigh agus a léirigh an comhlacht léiriúcháin Feirsteach Below the Radar le heisiúint sna Stáit Aontaithe agus beidh deis aige cáiliú do na Academy Awards 2018 – an chéad uair ariamh do scannán faisnéise Gaeilge.

Bhí an première domhanda de ROCKY ROS MUC i mBostún i mí an Mhárta agus beidh chéad taibhiú na hÉireann ag Fleadh Scannán na Gaillimhe anocht. Tá na ticéidí don taispeántas seo i nGaillimh díolta amach cheana féin.

Rinneadh an scannán faisnéise i gcomhar le TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann, Bord Scannán na hÉireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann agus MG Alba.

Seán Ó Mainnín

Seán Ó Mainnín

Ansin san fhómhar, beidh an scannán á thaispeáint sna hamharclanna i Nua-Eabhrac agus LA, rud a chiallaíonn gur féidir leis an scannán bheith iomaíocht chun áit a fháil ar ghearrliosta na nOscar ag na Academy Awards 2018.    

Tá pleananna ar na bacáin fosta leis an scannán a chur sna hamharclanna in Éirinn, thuaidh agus theas, níos moille sa bhliain.        

Is scannán é ROCKY ROS MUC a dhéanann cur síos ar shaol an Ghaillimhigh, Seán Ó Mainnín, dornalaí den chéad scoth a d’fhág Gaeltacht Ros Muc sna 1970í le aghaidh a thabhairt ar Bhostún. 

Scrúdaíonn an scannán an spiorad a bhain le bheith ag troid sa chró mar dhornálaí gairmiúil agus an saol a bhí ag an Mhainníneach lasmuigh de chomh maith - bhí a chuid céilí speárála sa ghiom ag croílár dhrong Whitey Bulger agus domhan na coiriúlachta. 

Dúirt Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Proinsias Ní Ghráinne

“Is cruthúnas é an socrú dáiliúcháin amharclainne seo do Rocky Rosmuc ar an ardchaighdeán atá ag baint leis.  Is sampla iontach é an saothar substaintiúil seo ar thiomantas leanúnach TG4 do scéalta láidre a bhaineann le daoine agus a bhfuil uaillmhian agus scóp sa léiriú ag baint leo, saothair a oibríonn ar gach uile ardán sa bhaile agus thar sáile.

Táimid ag súil lena chéad-chraoladh ar TG4 ar an bhliain seo chugainn agus muid cinnte go mbíonn éileamh domhanda ar an scéal áitiúil atá léirithe le scil agus le croí.”

Arsa James Hickey, Príomhfheidhmeannach, Bord Scannán na hÉireann

“Tá lúchair orainn gur thacaigh muid leis an scannán cumhachtach Gaeilge seo atá ina chéad scannán faisnéise de chuid Michael Fanning, stiúrthóir atá muid ag súil le bheith ag obair leis arís eile sa todhchaí.  Tá muid cinnte de go rachaidh an scannán i bhfeidhm ar lucht féachana náisiúnta agus idirnáisiúnta mar aon nuair a thiocfaidh sé amach sna pictiúrlanna níos moille i mbliana. 

Arsa stiúrthóir an scannáin, Michael Fanning:

“Tá aischothú iontach faighte ag an scannán ó taispeánadh é don chéad uair i mBostún san Earrach.  Bhí mé ag iarraidh scéal Shéan Uí Mhainnín a chur os comhair an domhain mhóir agus tá muid iontach sásta go deo deis a fháil an scannán a thabhairt abhaile go hÉirinn, ar dtús go Gaillimh agus ansin go baile ducháis Shéain, Ros Muc – oíche thochtach a bheas ann, cinnte. 

Arsa stiúrthóir an scannáin, Michael Fanning

Arsa stiúrthóir an scannáin, Michael Fanning

“Is trí leabhar Rónáin Mhic Con Iomaire ‘Rocky Ros Muc’ a chuir mé eolas ar scéal an Mhainnínigh agus thaitin an scéal go mór liom.  Cé go raibh sé ar dhuine de na dornálaithe is fearr ar domhan, is fear umhal é Seán agus is scéal é a mbeidh an-spéis ag an lucht féachana ann, sílim. 

Tá muid iontach bródúil go mbeidh an scannán seo le feiceáil anois ag daoine sna Stáit Aontaithe. Is ardú meanman don fhoireann ar fad é fosta go mbeidh an scannán cáilithe do na hOscars ar an bhliain seo chugainn. Tá muid ag súil go mór le haischothú mhuintir na hÉireann a chluinstin an tseachtain seo i nGaillimh.

Arsa Ceannasaí Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, Áine Walsh, a thug maoiniú don togra:

“Tá lúcháir mhór orainn go mbeidh Rocky Ros Muc á chraoladh do lucht féachana i SAM. Is clár faisnéise é a léiríodh go bláfar agus a théann i ngleic le téama uilíoch na himirce agus tá lucht féachana leathan ag dul dó dá réir. Cuirfidh an deis seo le próifíl Below The Radar, comhlacht a bhfuil cáil iontach air ó thaobh léiriúcháin Ghaeilge de, agus cuirfear le próifíl na hearnála léiriúcháin Gaeilge i gcointinne chomh maith,

Tá seo ag teacht le straitéis Scáileáin Thuaisceart Éireann chun ábhar áitiúil a chur chun cinn do lucht féachana idirnáisiúnta freisin.”

Agus dea-scéal eile don chomhlacht léiriúcháin, ná gur roghnaíodh gearrscannán dá gcuid ‘Tit for Tatt’, scannán faoi mharthanóirí ailse a fuair tattoo ar a gcuid coilm máinliachta, le taispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe fosta ar an Domhnach 16 Iúil.

Arsa stiúrthóir agus léiritheoir ‘Tit for Tatt’, Mairéad Ní Threinir:

“Is ábhar lúcháir é do dhéantóir scannán ar bith scannán s’acu a fháil isteach go Fleadh Scannán na Gaillimhe.  Bíonn scannáin d’ardchaighdeán ó achan chearn den domhan á dtaispeáint mar chuid den fhleadh agus is onóir mhór é scéal Sabrina, Nina agus na marthanóirí eile a thaispeáint do lucht féachana níos leithne.

Is scéal spreagúil croíúil é seo faoi mhná a d’fhuilling ailse ach atá tagtha amach an taobh eile.  Sílim go dtabharfaidh siad inspioráid do dhaoine atá ag dul tríd an rud céanna nuair a fheiceann siad an scannán i nGaillimh ar an Domhnach.

Trailer: https://www.youtube.com/watch?v=rOVgb4c1FoU